Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 27:66

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d'imigh sé leis.

Dúirt Pioláit leo: “Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.”

Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d'inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.

Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.

Ach nuair a d'fhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór.

Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.

Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”

“Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.

agus chaith sé é don duibheagán, agus d'iaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é scaoileadh ar feadh tamaillín.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí