Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 27:6

An Bíobla Naofa 1981

Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.

A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.

Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí.

Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,

Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.

Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí