Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.”
Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia; téigí ar a thóir agus beirigí air, óir níl aon neach ann lena shaoradh.”
agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.
Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad.