Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 27:42

An Bíobla Naofa 1981

“Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”

Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”

agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”

Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:

Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” a deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh.

Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.

á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”

D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”

deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!”

D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”

Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.

Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”

Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí