Matha 27:29An Bíobla Naofa 1981rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.