Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 26:9

An Bíobla Naofa 1981

“b'fhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”

Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;

Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;

Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t‑airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi.

Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;

Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.”

Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí