“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.”
Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin -
Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”