Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.
Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d'fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”