Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”
Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.
Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”