Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.
Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: “An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?”
“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?
Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.
Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?”