Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”
Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.
“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”
Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.
Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit: