D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.
Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.
Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
D'agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom,