Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 26:43

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin, amhail duine ina shuan ar an stiúir.

Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”

D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”

D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.

Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d'fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.

Bhí ógánach darbh ainm Eutachos ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh.

Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí