Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.
Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”