Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?
Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.
Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.