Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”
Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.
Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc.
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.