Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 26:13

An Bíobla Naofa 1981

Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe.

Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.

Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir.

Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”

Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.

agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.

Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.

Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.

a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.

a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;

Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.

Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.

Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí