Agus d'inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d'aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. “I mbun oibre linn!” ar siad, “agus ar aghaidh leis an tógáil!” agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.
Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise,
ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;
agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.
Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.
Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.
Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.