Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 25:3

An Bíobla Naofa 1981

mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche.

Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:

Má fheiceann sé an claíomh ag teacht i gcoinne na tíre, séideadh sé an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill.

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.

Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar;

ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí.

Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.

féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí