Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 25:17

An Bíobla Naofa 1981

Mar an gcéanna d'fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”

Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.

Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.

Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach.

Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.

Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,

ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.

Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”

agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.

Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí