Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.
Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan,
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.
Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”
Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.
Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.