beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.
Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.
Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.
Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine;
Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile.
Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b'ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.