Scrios [an Tiarna] an uile dhúil bheo dá raibh ar chlár na talún - daoine agus ainmhithe, péisteanna agus éanlaith an aeir; scuab sé de dhroim na talún iad agus níor fágadh ach Naoi agus a raibh fairis san áirc.
“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”
Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,” an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas? déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.
Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.
Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”
Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.
nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”
‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agamsa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n‑inseofaí daoibh é.’ ”
Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, d'ionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu.