Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 24:30

An Bíobla Naofa 1981

Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

Ar an lá sin, déanfar caoineadh mór in Iarúsailéim cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad Rimeon ar mhá Mhigideo.

Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”

Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.

“Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cén comhartha a bheidh ar na nithe sin eile a bheith ag teacht chun cinn.”

Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.

Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhachta Dé.”

“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.

Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.

Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí