agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”
Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,” a deir Tiarna na Slua, “go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.
Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.
óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.
Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.