Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 24:1

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige d'fhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: “Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir.

Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!

Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”

Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’ ”

Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí