Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann,
Dúirt Solamh ansin: “Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.
Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.
Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit, áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”
Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.
Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir.
Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi.
Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.
Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha