Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.