Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 22:40

An Bíobla Naofa 1981

Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”

Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”

Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.

Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí