Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 22:39

An Bíobla Naofa 1981

Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.

Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”

is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.

Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iadsan.”

Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.

ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d'fhonn é a neartú.

Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”

Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.

Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí