Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 22:31

An Bíobla Naofa 1981

Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh:

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.

Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?

Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh.

‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”

Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí