Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé,
Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”
Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.
Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.
Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”
Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.