Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 21:4

An Bíobla Naofa 1981

Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”

Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.

Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air.

agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.

Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,

“Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí