Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 21:38

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”

Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán.

Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.

Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’

agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é.

Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’

ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí