Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 21:25

An Bíobla Naofa 1981

Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”

Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”

Ach d'fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é.

Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’

Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”

Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin a ba ainm dó.

An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí