Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,
Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.
Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d'ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.
Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: