Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 21:16

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d'ainm ar fud na cruinne! Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha

San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

D'fhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann

Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh:

Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin.

Dúirt sé leo: “Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh:

Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí