Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 21:15

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.

Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”

agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”

“Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.”

San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,

Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású,

Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.

Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.

Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.

Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,

Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.

Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.

Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.

Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”

Nuair a d'airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin -

Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí