Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!
agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”
Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”