Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”
agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”