Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 20:27

An Bíobla Naofa 1981

agus an duine ar mian leis bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábha daoibh;

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas.

Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,

díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail.

Tá an dualgas céanna orm i leith Gréagach agus i leith barbar, i leith saoithe agus i leith daoithe.

Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin.

Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm?

Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí