Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.
Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”
Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.