D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!
Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”
agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”
Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,