Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.