“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”