Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 20:12

An Bíobla Naofa 1981

‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

‘A leithéid de chrá croí,’ a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.

Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?

Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:

agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn.

Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n‑oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh.

mar níl ann ach an t‑aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeallghearradh trína gcreideamh chomh maith.

Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.

Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.

Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí