Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 2:20

An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”

Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.

Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt

Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí