Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’
Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”
Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle
Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”