“Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.”
agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”
Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”