Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 2:13

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin.

I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh. Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.”

Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.

D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas.

Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”

Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.

Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt,

Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle

D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

Nuair a d'imigh an t‑aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir,

Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”

Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t‑aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.

Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n‑éirí an bóthar libh.”

Ach i rith na hoíche d'oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo

D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.

Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.”

Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.

Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir

Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.

Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.

Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.

Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí